Tá bean a bhí os cionn 90 bliain d'aois básaithe i dtubaiste bóthair i gCo Mhaigh Eo.

Thart ar 5.50 in. tráthnóna inné a tharla sé ar an N a 17 i gCluain Torc in aice le Cill Cheallaigh nuair a bhuail 2 charr faoina chéile.

Tugadh an bhean go hOspidéal na hOllscoile Maigh Eo ach bhásaigh sí tamall gearr ina dhiaidh sin.

Tugadh beirt bhan agus beirt ógánach chuig an ospidéal freisin de bharr na taisme.

Tá na Gardaí ag lorg cúnamh an phobail agus ag iarraidh ar dhaoine a ghabháil i dteagmháil leo i Stáisiún Chlár Chlainne Mhuiris,- 094 937 2080.