Tuairiscíodh go raibh galair riospráide ag gabháil do dhaoine i gcás 98% dóibh siúd a bhásaigh le Covid a 19, de réir fhigiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Léiríonn na sonraí go raibh ar a laghad 3 fhadhb sláinte ag 80% de na daoine a cailleadh leis an víreas.

Deimhníodh gurbh é Covid a 19 an bhunchúis bháis a bhain le cás 5,384 duine a bhásaigh sa tír idir Márta 2020 agus Feabhra 2022.

hÁiríodh niúmóine ina riocht sláinte i gcás 3,023 duine, sin 56% den iomlán a bhásaigh.

hÁiríodh galair ainsealacha sa gconair riospráide íochtair i 948 cás, 18% de na daoine a d'éag.

Bhí an víreas ina bhunchúis bháis i 2.3% den líon a bhásaigh de bharr ailse scamhóg. Bhí sé ina bhunchúis i 3% de na daoine a bhásaigh le ailse brollaigh, agus 6% de na daoine a raibh ailse próstataigh orthu.

Léiríonn cíoradh an CSO gur mó fear ná ban a cailleadh leis an aicíd,- fir ba ea 53% de líon na marbh.

Deimnítear sna figiúirí freisin gur i dtithe altranais a bhásaigh 1,564 de na daoine a cailleadh le Covid, - 29% den iomlán.

San iomlán in Éirinn, bhí 91% de na mairbh 65 bliain nó níos sine.