Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tar éis tuarascáil faoi chinntí ar leith a rinne An Bord Pleanála a sheoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, chuig na Gardaí agus chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Chuir an tAire Darragh O'Brien ar aghaidh an tuarascáil, a bhí curtha i dtoll a chéile ag an Abhcóide Sinsearach Remy Farrell, ar chomhairle an Ard-Aighne.

"Tuarascáil faoi bhainistiú choimhlintí leasa agus faisnéisiú ábhartha ón Leaschathaoirleach ar An mBord Pleanála maidir le cinntí ar leith de chuid an Bhoird agus nithe gaolmhara" teideal na tuarascála.

Dheimhnigh an Roinn Tithíochta an mhí seo caite go raibh an Leaschathaoirleach ar an mBord Paul Hyde tar éis éirí as.

Bhí sé tar éis seasamh go leataobh óna chuid cúraimí roimhe sin de bharr tuairiscí go mb’fhéidir go raibh coimhlint leasa ag baint le roinnt breithiúnais phleanála a bhí déanta aige.

Séanann Paul Hyde go bhfuil aon ní déanta as bealach aige.

Deir an tAire O’Brien gur "faoin Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí anois cinneadh a dhéanamh ar chóir tabhairt faoi chúiseamh coiriúil bunaithe ar an tuarascáil atá seolta ar aghaidh ag an Roinn."