Tá Iascach Intíre Éireann i mbun fiosraithe faoi lear mór iasc atá tar éis bháis ar an gCróbhar, abhainn in aice le Loch Síleann i gContae an Chabháin.

Fritheadh os cionn míle breac óg marbh, chomh maith le piardóga, loimprí, cailligh rua agus sliogiasc.

Dé hAoine a cuireadh tuairisc faoin méid a bhí básaithe chuig oifigigh ó Cheantar Abhantraí na Sionainne.

Deir Brian Beckett, ó Iascach Intíre Éireann, go bhfuil fiosrúchán ar bun agus go gcreideann sé go raibh baint ag an mbrothall agus leibhéal íseal an uisce le lear chomh mór a chur den tsaol.

"Dornán cásanna" bric básaithe atá aimsithe ó thús an tsamhraidh a deir Brian Beckett, - cuid mhaith acu de bharr teas marbhánta a deir sé.