Tá scrúdú iarbháis le déanamh inniu ar chorp na mná a fritheadh marbh ina teach cónaithe inné i gCill Airne.
75 a bhí Miriam Burns. Deir na Gardaí go bhfuil siad in amhras faoi údar a báis. Bhí sí gortaithe sa gcloigeann.

Fritheadh an corp ag am lóin inné sa teach in eastát in Ard Seanbhuaile. Comharsana a chuir fios ar na seirbhísí éigeandála nuair nach raibh duine muinteartha le Miriam Burns atá ina chónaí thar lear in ann a ghabháil i dteagmháil léi.
Tá corp na mná, a raibh ceathrar clainne aici, fós sa teach agus súil ar maidin le Leasphaiteolaí an Stáit.
Tá foireann dlí-eolaíoch na nGardaí ar an láthair i mbun fiosraithe sa teach agus sa ngairdín.