Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i gCiarraí tar éis dóibh a theacht ar chorp mná a bhí thart ar 75 bliain d'aois.

Fritheadh an bhean marbh i dteach cónaithe in Ard Seanbhuaile i gCill Airne ag am lóin inniu.

Deir na Gardaí go bhfuil siad in amhras faoi údar a báis.

Tá an corp fós ar an láthair agus tá an áit le scrúdú ag an bhfoireann dlí-eolaíoch.

Tá fios curtha ar Oifig an Phaiteolaí Stáit.