Tá fear a bhí tuairim is 30 tar éis bháis de bharr timpiste bóthair aréir i gCo Loch Garman.

Tharla an tubaiste nuair a bhuail an carr crann ar thaobh an bhóthair i gCoimín Ó Bairrche i mBaile de Cléir thart ar 10.40 i.n.

Paisinéir sa gcarr a bhí san té a maraíodh. Bhásaigh sé ar an láthair.

Tugadh a chorp chuig Ospidéal Ginearálta Phort Láirge, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

Chuir meitheal otharchairr cóir leighis ar an tiománaí, fear atá beagnach 40.

Tá láthair na tubaiste ar an R a 733 á fhiosrú go fóill ag foireann dlí-eolaíoch na nGardaí.

Tá fear sna 30í gafa faoin méid a tharla.

Tá na Gardaí ag lorg cúnamh an phobail agus is féidir glaoch orthu i stáisiún Loch Garman ar 053 916 5200.