Tá iar-ghníomhaire saoire gailf atá cúisithe i gcaimiléireacht, luach na gcéadta míle euro, scaoilte amach ar bannaí agus é le bheith os comhair na cúirte arís roimh dheireadh na míosa.

Gabhadh David McMahon, 41, as Baile Mheile i dTrá Lí i gCo Chiarraí, ag Aerfort Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Bhí 6 bharántas gabhála eisithe ina aghaidh ó mhí Mheán an Fhómhair anuraidh.

Tugadh os comhair suí speisialta é de Chúirt Dúiche Chorcaí Dé hAoine seo caite agus cuireadh 4 chúis ina leith faoi chaimiléireacht suimeanna idir €30,000 agus €100,000. Cuireadh 2 chúis ina leith faoi luach €600,000 de chleachtais bhréige idir an 22ú Bealtaine agus an 2ú Iúil 2018.

Cuireadh siar faoi choinneáil é chuig Príosún Chorcaí le bheith os comhair na cúirte an athuair inniu. A dhlíodóir Padraig J. O'Connell a rinne iarratas ar bhannaí ar a shon.

Cheadaigh an Breitheamh Colm Roberts bannaí dó ar an gcoinníoll go mbeadh David McMahon ag cur faoi ag an seoladh a thug sé os comhair cúirte; go síneodh sé a ainm go laethúil ag stáisiún na nGardaí i dTrá Lí; go mbeadh sé ar fáil an t-am ar fad ar an bhfón póca; agus go gcloífeadh sé le cuirfiú.

Síníodh isteach sa gcúirt €5,000 d'urra neamhspleách in airgead tirim agus €5,000 bannaí óna leasathair Trevor Thomas.

Ní raibh David McMahon féin inann an príosún a fhágáil le bheith sa gcúirt de bharr srianta a bheith air a bhaineann le Covid.

Tá sé le bheith sa gcúirt i dTrá Lí arís, an 25ú Lúnasa nuair a chuirfear leabhar na fianaise os comhair an Bhreithimh.