Tá beirt fhear cúisithe faoi ionsaí a dhéanamh ar fhear a bhásaigh i mBaile Átha Luain ag an deireadh seachtaine.

Seán Munnelly, ar chlé, agus David Higgins

Tugadh Seán Munnelly, atá 35 agus atá ina chónaí ar an mBaile Gaelach in Áth Luain, agus David Higgins, atá 18 agus a bhfuil cónaí air in Ardán Phóil in Áth Luain, os comhair suí speisialta den Chúirt Dúiche san Muileann gCearr aréir.

Cuireadh cúisimh i leith na beirte faoi Paul 'Babs' Connolly a ionsaí ar Shráid an Teampaill oíche De hAoine. Cúisíodh iad freisin i mí-ord foréigneach.

Thug an Sáirsint Kevin Craig fianaise nár labhair ceachtar den bheirt nuair a cúisíodh tráthnóna inné iad ag 8.14 i.n. i stáisiún na nGardaí in Áth Luain.

I gcás Shéan Munnelly níor hiarradh bannaí ar a shon sa gcúirt, bronnadh cúnamh dlí air, agus cuireadh siar faoi choinneáil é go dtí Déardaoin.

I gcás David Higgins ceadaíodh bannaí dó ar an gcoinníoll go n-íocfadh sé féin €2,500 de bhanna agus go n-íocfadh a sheanathair a bhí sa gcúirt €2,500 sa mbreis.

Beidh air síniú go laethúil ag stáisiún na nGardaí ar an mbaile agus beidh air cloígh le cuirfiú ón 10 san oíche go dtí a 6 ar maidin. Bronnadh cúnamh dlí air agus beidh air a bheith os comhair cúirte arís, Déardaoin chomh maith.