Tá Rabhadh Buí faoin teocht le theacht i bhfeidhm ar fud an oileáin tráthnóna amárach, agus é deimhnithe cheana féin ag Oifig na hAimsire go ndeachaigh an teocht chomh h-ard le 30.4 Celsius inniu ar Eastát Pháirc na Darach i gCo Cheatharlach.

Tá foláireamh buí 24 uair a' chloig fógartha mar atá sé i gCúige Laighean agus i gCúige Mhumhan ó mheánlae inniu.

Ó mheánlae amárach leathfaidh an fhainic ar fud na tíre agus beidh sí i bhfeidhm go dtí maidin Dé Domhnaigh.

Beidh sé níos fionnuaire cois cósta, go háirid i gConnachta agus i dTír Chonaill.

"Láthair na huaire" a deir Gerry Murphy in Oifig na hAimsire, "ní dóigh linn go sárófar an churiarracht don teocht mí Lúnasa".

B’shin 31.5C i 1995.