Tá fear tar éis bháis de bharr timpiste ar láthair oibre i dTigh Baoithín, baile beag in aice le Bealach an Doirín i gCo. Ros Comáin.

Tá sé deimhnithe ag na Gardaí gur cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála in iarthar an chondae thart ar 10.15 ar maidin.

Bhásaigh an fear, a bhí thart ar dheich mbliana agus trí scór, ar an láthair. Tá a chorp tugtha go hOspidéal na hOllscoile Ros Comáin áit a ndéanfar scrúdú iarbháis.

Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta i mbun fiosraithe faoina bhás.