Tá sé deimhnithe ag na Gardaí i gCill Orglan i gCiarraí go bhfuil an gabhar fiáin a bhí geimhlithe i gcliabhán a bhí crochta go h-ard os cionn an bhaile tugtha anuas as inniu de bharr an bhrothaill.

"Rí na gCnoc" a bhaistítear ar an bpocán. Tá gabhar fiáin á ghaibhniú leis na cianta le linn aonaigh bhliantúil an bhaile.

Bhí an t-ainmhí ceaptha a bheith coinnithe sa gcliabhán go dtí Dé hAoine ach bhí imní ó inné faoin teas mór.

An seastán 50 troigh ar airde ar a raibh an gabhar gaibhnithe.

Tá an teocht i drudim i dtreo 30 Celsius ó mhaidin.

Tréadlia áitiúil a rinne an cinneadh thart ar mheánlae gur cheart an gabhar a scaoileadh anuas.

Deir lucht eagraithe an aonaigh go bhfuil an poc anois "ag ligean a scíth, ar an bhfoscadh ón ngrian."

Ach creidtear go mbeifear á chrochadh san aer arís amach sa tráthnóna nuair nach mbeidh an lá chomh marbhánta.