9.1% d'ardú atá tagtha ar phraghasanna ón am seo anuraidh, ach níl aon athrú orthu le mí anuas.

Léiríonn na figiúirí nua ón bPríomhoifig Staidrimh an ráta boilscithe is airde le 38 bliain.

Mí Iúil d’ardaigh cíos agus aisíocaíochtaí morgáiste chomh maith le praghas ola tigh, leictreachas agus gás.

7.7% d’ardú a tháinig ar bhia, idir fheoil, arán, arbhar, bainne agus uibheacha.

Tá praghas seomra óstáin anois 22% níos airde ná a bhí an t-am seo anuraidh.

Thit costas árachas cairr agus árachas sláinte.

3% de laghdú a bhí ar pheitreal agus 1.1% de laghdú ar díosal.

Ach le hais mí Iúil 2021, tá peitreal 35% níos daoire agus díosal 45% níos daoire.

Tá billí leictreachais 40% níos airde le bliain anuas, agus gás 60% níos airde.

Fiú agus an méadú ar chostas fuinnimh curtha as an áireamh, 5.9% anois é an ráta boilscithe.