Beidh sé "roinnt blianta" go bhfeicfear arís ticéid Ryanair ar €1 ná ar €10 ach an oiread, de bharr an ardaithe ar phraghas breosla, a deir príomhfheidhmeannach na haerlíne.
Ag labhairt dó leis an mBBC dúirt Michael O’Leary go gceapann sé go mbeidh €10 d’ardú ar mheánphraghas eitilte le Ryanair as seo go ceann 5 bhliana, ó tuairim is €40 anuraidh go tuairim is €50 i 2027.
"Níl aon amhras, ag an gcuid is saoire den mhargadh" a dúirt sé le Raidió a 4 sa mBreatain "nach bhfeicfidh tú go ceann píosa maith, ticéid ar €1 an ceann, ná fiú €9.99 an ceann."
Ach cé go ndeir sé gurbh é an t-ardú ollmhór ar chostas breosla is cúis leis sin, agus go bhfuil sé ag cur as do thomhaltóirí i gcoitinne, creideann Michael O’Leary nach gcaillfidh Ryanair, ná cuideachtaí eile eitilte ar chostas íseal ar nós Easyjet, mórán custaiméirí.
"Beidh daoine fós ag eitilt go rialta, creideann muid, ach beidh siad i bhfad níos airdeallaí faoi phraghas. Síleann muid go mbeidh na milliúin sa tóir ar thicéid níos saoire, agus tiocfaidh siad chugainne."