Bhí na praghsanna cíosa a bhí fógartha idir Aibreán agus Meitheamh na bliana seo 12.6% níos airde ná mar a bhí sa trí mhí chéanna anuraidh.
Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón suíomh idirlín Daft.ie nach raibh ach 716 áras cónaithe ar fáil le ligean ar cíos ar fud na tíre ag tús na míosa seo.
Léiríonn na figiúraí gur tháinig 3.3% d'ardú ar an meán ar chíosanna a bhí luaite ar Daft.ie idir Aibreán agus Meitheamh na bliana seo i gcomparáid leis an chéad ráithe den bhliain.
Ar bhonn bliantúil d'ardaigh cíosanna a bhí fógartha 12.6% ar an meán i comparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Sin é an t-ardú is mó riamh ó tosaíodh ag taifeadadh na bhfigiúirí 16 bliain ó shin. Beagán os €1,600 sa mí an meán chíos atá fógartha anois. Tá seo dhá oiread níos daoine ná mar a bhí i 2011.
Is macléinn dochtúireachta i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath í Katie Whelan agus tá sí beagnach 28 bliain d'aois. Tá cónaí uirthí sa mbaile lena cuid tuismitheoirí i Léim an Bhradáin i gCondae Chill Dara, toisc a deir sí nach bhfuil an tuarastal atá á thuilleamh aici ard go leor le h-íoc as cíos.
'Caithfidh mé a rá go gcuireann tuarscáil Daft.ie an imní orm mar is cosúil gur in olcas atá an scéal ag dul. Fiú agus mise ag teacht i dtreo deireadh an turais taighde seo agus le cúnamh Dé go mbeidh post níos fearr ar na mallaibh agam, nílim cinnte go mbeidh an soláthar tithe sin ann nuair a bheas an t-airgead agam le h-íoc as cíos.'
Ba i gCo. Liatroma a chonachthas an t-ardú is mó ar chíosanna in imeacht bliana; 21.3%. 'Sí Luimneach an chathair ina raibh an t-ardú is mó; 17.7%.
Tá cúrsaí níos measa anois na riamh do dhaoine singil agus do theaghlaigh, a dúirt Úna Burns ar Ceannasaí Polasaí í leis an áisíneacht tithíochta Novas i Luimneach.
'Maidir leo siúd a bhraitheann ar Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta tá sé an deacair ar fad anois.'
Tráth a bhfuil an t-éileamh ar thithe agus árasáin ar cíos ag ardú, ní raibh an soláthar chomh h-íseal riamh.
Ar an chéad lá de Lúnasa i mbliana ní raibh ach 716 áras cónaithe ar cíos fógartha ar fud na tíre ar fad ar Daft.ie, le níos lú ná 300 acu siúd i mBaile Átha Cliath. 2,500 áit a bhí ar fáil ar cíos ag an am chéanna anuraidh.
Níl an soláthar tithíochta ar fáil, a deir an ceantálaí i nDaingean Uí Chúis, Antaine Mac Gearailt.
'I ndairíre 'sén scéal céanna é le roinnt blianta anois. Faighimse an dheacair a thuiscint conas go bhfeabhasóidh an scéal go dtí go dtiocfaidh breis stoc ar an margadh.'