Tá níos mó ná 100 cás den bholgach moncaí deimhithe sa tír de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte.

101 duine atá tar éis an aicíd a tholgadh anois. 97 cás a tuairiscíodh seachtain is an lá inniu.

Deir an Lárionad Faire go bhfuil oifigigh sláinte phoiblí ag fiosrú gar-theagmhálaithe na ndaoine atá tar éis an tinneas a tholgadh.

Tá measúnú riosca déanta agus tá comhairle á chur ar dhaoine a bhí i dteagmháil leis an galar.

Tá an tinneas le fada i réigiúin in Iarthar agus i Lár na hAfraice. Víreas neamhghnáthach is cúis leis a thágann an craiceann scólta, tochasach agus bíonn fiabhras ag baint le cuid de na cásanna.