Tá an Roinn Airgeadais tar éis cáipéisí a fhoilsiú tráthnóna ón Grúpa Straitéise Cánach atá sa Roinn, ag leagan amach roghanna éagsúla don Rialtas roimh Bhuiséad 2023 a bheidh á fhógairt deireadh na míosa seo chugainn.
Cíortar sna cáipéisí na bandaí cáin ioncaim atá ann faoi láthair agus an deis atá ann an tríú banda a bhunú ar mhaithe le lucht meánioncaim.
Tá beagán le cois billiún (míle milliún) euro curtha go leataobh ag an Rialtas le freastal ar fhaoiseamh cánach.
Tá scrúdú déanta ag an nGrúpa Straitéise ar an gcostas a bhainfeadh leis na bandaí atá ann a leathnú le coinneáil leis an ardú ar phá lucht oibre, agus tá siad tar éis banda nua 30% a fhiosrú.
Leis an mborradh ar an ngeilleagar, tá súil le €2.8 billiún sa mbreis sa Státchiste ó cháin ioncaim i mbliana. Sin 10.6% d'ardú i 2022, i dteannta 17.6% d’ardú anuraidh.
Tá an Banc Ceannais ag tuar go dtiocfaidh 6.6% d’ardú ar an meán an bhliain seo chugainn ar phá daoine, de bharr laghdú ar an dífhostaíocht agus margáil faoi phá mar thoradh ar an mboilsciú.

Measann an Grúpa Straitéise Cánach go mbeadh €8 sa mbreis sa tseachtain sa bpá ag duine dá leathnófaí €1,500 sa mbreis an banda ag an ngáthráta (20%) agus dá dtiocfadh €50 de mhéadú ar chreidmheas cánach. €0.5 billiún sa mbliain a chosnódh sé sin ar an Státchiste.
€15 sa mbreis sa tseachtain a shaothródh duine dá leathnófaí €3,000 sa mbreis banda an 20% agus dá gcuirfí €100 sa mbreis le creidmheas cánach. €1.145 billiún sa mbliain a chosnódh sé sin ar an Státchiste. Bhainfeadh 66% de mheitheal oibre na tíre leas as.
Tá trácht freisin ar bhanda nua 30%.
Rogha amháin a fhiosraítear go ngearrfaí an 30% ag an bpointe a íoctar 40% faoi láthair, idir €36,800 agus €41,800. €525m an costas bliantúil a bheadh ar an Stát. €10 sa mbreis sa tseachtain a gheofadh cáiníocóir. Bhainfeadh 35% den lucht oibre tairbhe as.
Rogha eile a scrúdaítear go ngearrfaí an 30% nua ar ioncam go dtí €46,800. €945m sa mbliain a chosnódh sé sin. €19 sa mbreis a bheadh sa bpá ag duine.