Tá rátaí morgáiste na hÉireann níos airde ná mar atá siad in aon tír eile i gCrios an Euro, seachas sa nGréig.

De réir an eolais is deireanaí ón mBanc Ceannais, 2.68% an meánráta ar aisíocaíochtaí sa tír seo.

Sin é an figiúr ó mhí an Mheithimh, sular fhógair Banc Ceannais na hEorpa 0.5% d'ardú ar rátaí.

Sula dtáinig an scéala sin as Frankfurt bhí Banc na hÉireann agus Permanent TSB agus an EBS tar éis cuid dá gcuid rátaí a ísliú, ach bhí siad ardaithe ag ICS Mortgages, ag Avant Money agus ag Finance Ireland.

Tugann na sonraí le fios go bhfuil an bhearna idir muid agus an chuid eile den Mhór-Roinn ag laghdú go tréan le roinnt míonna.

2.73% an meánráta a bhí ann sa mBealtaine agus 2.77% mí an Aibreáin.

Le ráithe is í Éirinn an t-aon cheann den 19 tír i gCrios an Euro ina bhfuil an ráta tar éis titim.

Sa n-iomlán, is sa bhFrainc atá an ráta is ísle ag 1.34%. 1.48% atá ann sa bPortaingéil. 3.1% atá sé sa nGréig.

An t-am seo anuraidh 0.69% a bhí acu sa bhFionlainn, - tá sé níos mó ná a dhá oiread anois, 1.74%.

1.9% an meánráta sa gCrios go léir. Ní raibh sé chomh h-ard sin cheana ó mhí Lúnasa 2017.

Tá an ráta in Éirinn áfach níos ísle ná mar a bhí ag aon am sa tréimhse chéanna.

2.59% atá sa nGearmáin, comhchéim beagnach leis an tír seo, rud nach raibh tuartha ag éinne riar beag míonna ó shin a deir saineolaithe airgeadais.