Tá gaireas pléascach beo aimsithe ag na póilíní ó thuaidh de bharr foláireamh slándála i mBéal Feirste.

Tá póilíní agus oifigigh teicniúla armlóin tar éis láthair ar Pharáid Norglen in iarthar na cathrach a scrúdú tar éis dóibh fógra a fháil faoi ghaireas a raibh amhras faoi.

Deir an PSNI ar maidin go bhfuil an gaireas tógtha ar lámh acu lena fhiosrú tuilleadh.

Cuireadh daoine amach as a gcuid tithe agus mhair srianta slándála sa gceantar ar feadh tréimhse thar oíche ach tá an áit slán anois a deir na póilíní.