Tá sé tugtha le fios ag an Aire Spóirt Jack Chambers go bhfuil rún ag an Rialtas tuilleadh cailíní a spreagadh le páirt a ghlacadh i gcumainn spóirt agus dúirt go bhfuil airgead imfhálaithe aige faoina thuairim sin.
ls i bhfianaise na ngaiscí atá déanta ag mná na hÉireann i spóirt éagsúla le roinnt blianta atá an gúm á dhéanamh suas, a dúirt an tAire.
An bunleibhéal, an scothleibhéal agus gach uile leibhéal idir eatarthu a fhéachfar le forbairt, ar sé.
Mhaígh Jack Chambers go bhfuil sé tábhachtach na hacmhainní a chur ar fáil agus éascaíocht a dhéanamh do chailíní dul chun cinn i gcúrsaí spóirt.
Tá an éacht a rinne foireann ban Shasana i gCraobh Sacair na hEorpa le deireanas tar éis tuilleadh suime i spórt na mban a mhúscailt, a dúirt sé.
€4 mhilliún atá sa chiste Mná sa Spórt, ar ardú €3 mhilliún é sin, arsa Mac Ambróis.
Thug sé le tuiscint nach mór an maoiniú céanna a chur ar fáil d'fhoirne ban Chumann Lúthchleas Gael agus a chuirtear ar fáil d'fhoirne fear feasta i riocht agus go gcruthófar do chailíní go bhfuil comhionannas deiseanna ann.
Mheabhraigh an tAire d'eagraíochtaí spóirt chomh maith go gcaithfidh ionadaíocht 40% a bheith ag mná ar a gcuid bord faoi dheireadh na bliana 2023, é sin nó gearrfar pionós airgeadais orthu, a dúirt sé.