Tá fear sna fichidí a hionsaíodh i lár Bhaile Átha Cliath arú aréir an-dona tinn san ospidéal.

Deir na Gardaí gur tugadh faoin bhfear ag stad Luas Dhuga Sheoirse ar an taobh ó thuaidh den chathair go gairid roimh 9 a chlog oíche Dé Domhnaigh.

Tuigtear gur roinnt daoine a d'ionsaigh an fear agus gur bascadh go dona é.

Tugadh an fear go hOspidéal an Mater, mar a bhfuil cóir leighis á cur air faoi dhrochghortuithe a bhain dá cheann.

Rinne Gardaí ó Stáisiún Shráid an Stórais scrúdú teicniúil ar an áit ar tharla an t-ionsaí ach níl sé soiléir fós cad ba shiocair leis.

Tá na Gardaí ag achainí ar dhaoine a bhí sa cheantar ag an am nó a mbeadh aon eolas acu ar ar tharla teacht chun cainte leo.

Níl aon duine gafa acu go dtí seo.