Chruinnigh na táinte i gCluain Abhla, Co Thiobraid Árann, inniu i gcomhair shochraid an iománaí óig Dillon Quirke a cailleadh tar éis dó titim as a sheasamh agus é ag imirt don chumann áitiúil i Staid Semple tráthnóna Dé hAoine seo caite.

Ní raibh gaiscíoch báire na gCuirceach ach 24 bliain d'aois.

Bhain an míthapa dó go gairid roimh leatham sa chluiche idir Cluain Abhla-An Ros Mór agus Cill Ruáin Mhic Dhonncha.

Ba iad imreoirí ón dá chumann agus ó fhoireann idirchontae Thiobraid Árann a rinne an garda onóra agus an t-eileatram ag déanamh a bhealaigh go réidh sollúnta ó chlubtheach CLG Chluain Abhla go Séipéal Eoin Baiste cúpla céad slat síos an bóthar.

Bhí an chónra deasaithe le bratacha an chumainn agus fhoireann an chontae agus ba iad comhimreoirí Dillon a thug isteach sa séipéal í le haghaidh an Aifrinn éagnairce.

An tAifreann éagnairce, Séipéal Eoin Baiste

Bhí Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy agus oifigigh shinsearacha eile ón eagraíocht i gCúige Mumhan i measc na sochraideach a raibh áit acu sa séipéal beag. B'éigean do na mílte eile éisteacht leis an searmanas ón taobh amuigh.

Bhí an Ceannfort Deirdre Newell agus an Ceannfort Claire Mortimer i láthair ag an tsochraid thar ceann Uachtarán na hÉireann agus an Taoisigh faoi seach.

Tugadh camán, clogad agus geansaí contae Dillon chun na haltóra mar chuimhneacháin ar an mbáireoir óg, chomh maith le ticéid cheolchoirme, grianghraif agus naprún a bhain lena chuid oibre.

Ba é Andrew Fryday, uncail Dillon agus cathaoirleach an chumainn áitiúil, a thug an t-aitheasc.

Ina sheanmóir, dúirt an tAthair Thomas Ahern go raibh daoine suaite go mór ag an tragóid.

Dá mhéad an phúir bás Dillon dá chairde agus dá chomhimreoirí, a dúirt sé, ba mhó fós é dá mhuintir Dan agus Hazel agus dá dheirfiúracha Kellie agus Shannon.

Cuireadh Dillon Quirke i gcré na cille taobh leis an séipéal.

Is rómhoch fód na huaighe á fholú.