Maraíodh triúr agus gortaíodh thart ar 70 duine nuair a thug fórsaí Iosrael ruathar faoi chathair Nablus ar an mBruach Thiar sna críocha Palaistíneacha.

Thug na hIosraelaigh le fios gur mharaigh siad beirt bhall den eagraíocht mhíleata dá ngairtear Briogáid Mhairtírigh Al-Aqsa i dteach sa chathair agus go raibh duine de cheannasaithe na heagraíochta Ibrahim al-Nabulsi ar dhuine acu.

Tharla caismirtí in áiteanna éagsúla i Nablus agus mar is iondúil - dála chás an leoin agus na luiche - chaith ógánaigh Phalaistíneach clocha le saighdiúirí Iosrael le súil eang a chur sa roth acu.

Tá ruathair á dtabhairt mórán gach uile lá ag na hIosraelaigh faoin mBruach Thiar le roinnt míonna agus iad ag féachaint le baill den eagraíocht mhíleata Jiohád Ioslamach na Palaistíne a ghabháil nó a mharú.

Tar éis do na hIosraelaigh ceannasaí na heagraíochta sin ar an mBruach Thiar, Bassem Saadi, a ghabháil an tseachtain seo caite, thug siad ruathair faoi áiteanna i nGaza freisin.

Maraíodh 44 Palaistíneach le linn na ruathar sin - cúig pháiste dhéag ina measc - agus leonadh na céadta.

Bhí beirt bhall shinsearacha de Jiohád Ioslamach i measc na marbh.

Tá sé ráite ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an sos comhraic a aontaíodh idir na hIosraelaigh agus Jiohád Ioslamach i nGaza arú aréir fós i bhfeidhm, ach go bhfuil imní orthu nach mairfidh sé.

Go deimhin, tá sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh agus Jiohád Ioslamach araon go rachaidís i muinín an fhornirt arís gan leisce dá laghad dá dtogróidís.