Tá sé tugtha le fios ag iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go ndearna gníomhairí ón FBI ruathar ar a eastát in Florida aréir, gur chuardaigh siad an áit agus gur thug siad leo roinnt cáipéisí a bhí faoi ghlas i dtaisceadán aige.

Is cosúil go mbaineann an scéal le fiosrúchán atá ar bun ag an FBI faoi cháipéisí a thug Donad Trump leis ón Teach Bán i Washington go dtí eastát Mar-a-Lago in Palm Beach tar éis dó an toghchán Uachtaránachta a chailleadh in 2020.

Tá Roinn Dlí agus Cirt na na Stát Aontaithe agus an FBI féin ag diúltú aon ní a rá faoin scéal.

Is é Christopher Wray stiúrthóir an FBI, fear ar cheap Donald Trump sa phost é in 2017, agus glactar leis gur thug seisean agus an tArd-Aighne Merrick Garland cead an ruathar a dhéanamh.

Ní dúirt urlabhraí ón Teach Bán ach nach raibh a fhios ag an Uachtarán Joe Biden go rabhthas le ruathar a dhéanamh ar eastát Donald Trump.

Gníomhairí Sheirbhís Rúnda na Stát Aontaithe ar dualgas in Mar-a-Lago

Dheimhnigh Eric Trump, duine de chlann mhac an iar-Uachtaráin, gur thug gníomhairí an FBI cáipéisí leo agus mhaígh sé go raibh a athair ag obair i gcomhar leis an gCartlann Náisiúnta i Washington ina dtaobh le roinnt míonna.

Mhaígh bean chéile Eric Trump, Lara Trump, nár thug athair a céile leis ón Teach Bán ach gearrthóga ó nuachtáin agus grianghraif, cuimhneacháin bheaga ar a théarma oifige a raibh sé i dteideal iad a choinneáil, mar a dúirt sí.

D'fhógair an Chartlann Náisiúnta i mí Feabhra go raibh cúig bhosca dhéag lán cáipéisí tugtha ar láimh ag Donald Trump d'oifigigh agus go raibh cuid de na cáipéisí sin thar a bheith rúnda.

De réir an dlí, ba cheart na cáipéisí a bheith tugtha ar láimh ag Donald Trump don Chartlann Náisiúnta nuair a tháinig deireadh lena théarma oifige bliain roimhe sin.

Tá roinnt fiosrúchán ar bun ag gníomhaireachtaí éagsúla faoi ghnóthaí Donald Trump, idir a ghnó polaitiúil agus a ghnó príobháideach.