Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag achainí ar an Rialtas reachtaíocht nua a thabhairt isteach le mic léinn tríú leibhéal a chosaint ar ghéariomaíocht mhillteach an mhargaidh tithíochta.

Tá sé tugtha le fios ag scoláirí tríú leibhéal ar fud na tíre go bhfuil tithe nó árasáin a bhí ar cíos acu roimh an samhradh curtha ar an margadh oscailte ó shin ag na húinéirí, ar comhlachtaí príobháideacha cuid mhaith acu.

Is coitianta an cleachtas seo i gCiarraí, Dún na nGall agus Gaillimh, a dúradh.

Dúirt uachtarán Aontas na Mac Léinn, Beth O'Reilly, cé gur le haghaidh scoláirí tríú leibhéal a tógadh na háiteanna seo ar an gcéad dul síos, nach bhfuil ann ach cur i gcéill in éagmais na cosanta dlíthiúla.

Mhaígh sí gur follas gur ag neartú sa tóir ar bhrabrús atá na comhlachtaí maoine, mar is dual dóibh, agus gurb é an cead raide atá acu údar an oilc.

Ar a mhuin sin, a dúirt sí, níl sé d'acmhainn ag mic léinn an cíos ard atá rachmasaithe a éileamh a íoc, bíodh airgead deontais sa spaga acu nó ná bíodh.

Rud eile de, arsa Beth O'Reilly, déantar neamhshuim go minic de mhic léinn a stopann i dtithe lóistín ach atá in arán crua chomh maith céanna. Níor mhór iadsan a chur san áireamh freisin in aon reachtaíocht a thabharfaí isteach, má thugtar, ar sí.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais Niall Collins, áfach, go bhfuil laincisí bunreachtúla ar an Rialtas maidir le ceisteanna maoine agus cóiríochta.

Mhaígh sé freisin go bhfuil árais chónaithe curtha ar fáil ag comhlachtaí príobháideacha do dhídeanaithe ón Úcráin ó thús an tsamhraidh agus gurb in ceann de na fáthanna nach bhfuil a bhurral le fáil ag mic léinn.

D'iarr sé ar na comhlachtaí sin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige atá acu.

Bliain ó shin, d'eisigh an tAire Tithíochta ciorclán a ndúradh ann gur chóir árais chónaithe a thógtar le haghaidh scoláirí tríú leibhéal a choinneáil lena n-aghaidhsean amháin.

Bhain an ciorclán leis an am a bhí le teacht, áfach, thar árais chónaithe a bhí ann cheana féin.

Ina cheann sin, ní raibh sa chiorclán ach "gur chóir" agus níl feidhm dlí leis.