Tá fear sna tríochaidí fós á cheistiú ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath faoi dhúnmharú fir a bhfuarthas a chorp i dtuaisceart na cathrach ar an deireadh seachtaine.

Fuarthas corp Sheáin McCarthy, 28 bliain d'aois, in árasán ar Bhóthar Acla i nDroim Conrach tráthnóna arú inné.

Tuigtear gurbh amhlaidh a lámhachadh é.

Bhí Seán McCarthy ar iarraidh óna theach cónaithe i gCrann Phapáin i mBaile Átha Cliath ar feadh ceithre lá roimhe sin.

Bhí curtha in iúl ag a mhuintir do na Gardaí go raibh an-imní orthu go raibh míthapa tar éis baint dó.

Is i nDroim Conrach a chonacthas go deireanach é agus chuardaigh na Gardaí roinnt áiteanna sa cheantar sin sular tháinig siad ar a chorp san árasán.

Gardaí i mbun cuardaigh sa Tulcha

Ina dhiaidh sin, chuardaigh tumadóirí na nGardaí réimse gairid d'abhainn na Tulchann idir dhá dhroichead coise.

Dheimhnigh siad go bhfuil scrúdú á dhéanamh acu ar rud a fuair siad san uisce ach níor thug siad aon eolas eile ina thaobh.

Tá scrúdú dlí-eolaíochta á dhéanamh freisin ar an árasán ina bhfuarthas corp Sheáin McCarthy chomh maith le suíomh eile i bPáirc Uí Ghríofa i nDroim Conrach.

Is iad na Gardaí i mBaile Munna atá i mbun an fhiosrúcháin.