Tá fear a lámhachadh i mBaile Átha Cliath sé seachtaine ó shin tar éis bháis san ospidéal.
Lámhachadh Gary Carey, 41 bliain d'aois, i gcarrchlós faoi thalamh Óstán an Hilton ar an gCuarbhóthar Theas i gCill Mhaigheann ar an 24 Meitheamh.
Tuigtear go ndearnadh roinnt iarrachtaí é a mharú roimhe sin.
Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na Gardaí agus tá siad ag achainí ar dhaoine a mbeadh eolas acu ar an eachtra lámhaigh teacht chun cainte leo.
Níl aon duine gafa acu fós.