Tá 120 cileagram de chócaon a meastar luach €8.4 milliún a bheith ann faighte ag na Gardaí i gCo na hIarmhí.

Tháinig na Gardaí ar an gcócaon nuair a chuardaigh siad dhá charr a bhí stoptha acu i gceantar Loch Uail go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné.

Deir na Gardaí gur tugadh an cócaon go Co an Longfort ar eitleán beag príobháideach ar an gcéad dul síos sular cuireadh sna gluaisteáin é.

Thóg na Gardaí beirt fhear a bhí sna gluaisteáin agus ghabh siad roinnt gléasanna cumarsáide freisin.

Tar éis dóibh na fir a ghabháil, chuardaigh na Gardaí aerpháirc thráchtála sa Longfort, mar ar ghabh siad an t-eitleán beag Cessna a gcreideann siad gur iompraíodh an cócaon uirthi.

Chuardaigh siad roinnt tithe sa Nás i gCo Chill Dara agus i gcathair Phort Láirge freisin.

Tá an bheirt fhear a gabhadh 54 agus 40 bliain d'aois agus tá siad á gceistiú i Stáisiún Gardaí Chill Dhéagláin i gCo na Mí.

Measann na Gardaí go bhfuil baint ag drong coireachta Kinahan leis an lear cócaoin.