Tá scrúduithe iarbháis le déanamh inniu ar choirp na díse - deartháir agus deirfiúr - a báthadh amach ó thrá Bhaile an Bhuinneánaigh i gCo Chiarraí inné.

B'in iad Desmond Byrne, fear pósta 50 bliain d'aois a raibh beirt chlainne aige, agus a dheirfiúr Muriel Eriksson, 62 bliain d'aois.

Tuigtear go raibh siad ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí snámha ar an trá nuair a bhain an míthapa dóibh.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag thart ar 6 a chlog tráthnóna inné nuair a tháinig corp Desmond Byrne i dtír ar an trá.

Rinneadh iarracht é a athbheochan ach deimhníodh ar an mball go raibh sé caillte.

Thángthas ar chorp na mná san uisce go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí an bheirt agus daoine muinteartha leo ar saoire sa cheantar.

Tuigtear gur duine óg a raibh gaol aige leis an mbeirt a chuir fios ar na seirbhísí éigeandála.

Trá Bhaile an Bhuinneánaigh (Pic: Damian Stack)

Sa Leathcheathrú i gCo Ros Comáin a bhi cónaí ar Desmond Byrne agus bhí Muriel Eriksson ag cur fúithi i gcathair Malmö sa tSualainn. B'as Baile Átha Luain ó dhúchas iad.

Dúirt comhairleoir áitiúil i mBaile an Bhuinneánaigh, Robert Beasley ó Shinn Féin, go bhfuil muintir an cheantair suaite go mór ag an tragóid.

Thug sé le fios gur thiomáin sé thar an trá tráthnóna inné agus go raibh an domhan brách daoine ann, thart ar 800, dar leis.

Is in Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí, i dTrá Lí a dhéanfar na scrúduithe iarbháis.

Chuir an Taoiseach Micheál Martin a chomhbhrón in iúl tráthnóna do theaghlaigh Desmond Byrne agus Muriel Eriksson, agus mhol sé na seirbhísí éigeandála freisin as an tsáriarracht a rinne siad an bheirt a tharrtháil.