Tugadh roinnt daoine - thart ar dhosaen - chun an ospidéil tar éis do bhus agus leoraí bualadh faoina chéile i gCo Uíbh Fhailí tráthnóna.
Tharla an brúscán in aice le baile an Daingin ag thart ar 2.50.
Tá cóir leighis á cur ar na daoine a gortaíodh in Ospidéil Réigúnacha Lár Tíre. Tuigtear nach bhfuil beatha aon duine acu i mbaol.
Tá na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar an mball.