Tugadh cóitseálaí snámha fir os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu tar éis do na Gardaí é a chúisiú i dteacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar leanaí.

Sin é Matthew Coward, 31 bliain d'aois, a bhfuil seoladh aige i gCéide Sheantalaimh i Seantrabh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Tá dhá chion déag curtha ina leith, pornagrafaíocht leanaí a dhéanamh agus a bheith ina sheilbh aige ina measc.

Líomhnaítear gur tharla na cionta ag linn snámha agus in áit eile i mBaile Átha Cliath idir Meán Fómhair 2021 agus Feabhra 2022.

Dúirt Garda sa chúirt gur tógadh Matthew Coward ina theach cónaithe ar maidin agus gur tugadh é go Stáisiún Gardaí Fhionnghlaise, mar ar cúisíodh é.

Thug an Garda le fios nach ndúirt an cúisí aon ní nuair a cuireadh na cionta ina leith.

Ligeadh Matthew Coward amach ar bannaí faoi réir coinníollacha áirithe agus lamháladh saorchúnamh dlí dó.

Tá sé le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir ar an 13 Meán Fómhair agus tá sé le cur ar a thriail ina dhiaidh sin sa Chúirt Chuarda Choiriúil.

Idir dhá linn, ní mór dó cónaí san áit atá luaite ar dhuilleog na gcúiseamh; fanacht amach ón áit a líomhnaítear a tharla na cionta; gan baint a bheith aige le cóitseáil; agus gan aon teagmháil a bheith aige le finnéithe sa chás.