Tá 97 cás den bholgach moncaí taifeadta sa Stát go dtí seo, a deir an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte.

De réir na bhfigiúrí is deireanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá 26,208 cás den ghalar taifeadta in 87 tír ar fud an domhain. Deirtear gur tíortha nach bhfuil an galar eindéimeach iontu a mbunáite.

An mhí seo caite, mhol an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh an vacsaín a thairiscint do na daoine is mó atá i mbaol an galar a tholgadh - fir aeracha, fir dhéghnéasacha nó fir a mbíonn caidreamh collaí acu le fir eile ina measc.

Fiabhras agus tinneas cinn na siomptóim is luaithe a thagann ar dhaoine. Is féidir gríos agus gearba teacht orthu ina dhiaidh sin.

Níl an bholgach moncaí leath chomh tromchúiseach leis an mbolgach Dé agus go hiondúil tagann biseach ar dhaoine tar éis trí nó ceithre seachtaine.

Ghearrtaí an bholgach Dé ar dhaoine lena leigheas agus baintear leas as an vacsaín chéanna le daoine a chosaint ar an mbolgach moncaí nó le siomptóim an ghalair a mhaolú.

Deir an an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh gur chóir dhá dháileog den vacsaín a thabhairt ceithre seachtaine ó chéile do na daoine is mó atá i mbaol.