Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na Gardaí tar éis d'fhear 34 bliain bás a fháil san ospidéal cúig lá ó rinneadh ionsaí brúidiúil air i bPríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath.
Bhain drochghortuithe sa cheann do Robert O'Connor as Darndál i mBaile Átha Cliath nuair a thug buíon príosúnach eile fogha faoi ina chillín sa phríosún tráthnóna Dé hAoine seo caite.
Bhí cóir leighis á cur air san aonad dianchúraim in Ospidéal an Mater ó shin.
Measann na Gardaí gur coirpeach mór le rá lasmuigh den phríosún a thug an t-ordú Robert O'Connor a ionsaí.
Ní raibh caite sa phríosún ag Robert O'Connor ach dhá lá nuair a ionsaíodh é.
Gearradh téarma príosúin sé bliana go leith air Dé Céadaoin seo caite tar éis dó pléadáil ciontach i ngunna agus armlón a bheith ina sheilbh aige.
Ag an am, rinne údaráis an phríosúin measúnú dóchúlachta ar an mbaol go n-ionsódh príosúnaigh eile é.
Aistríodh é ó áit amháin sa phríosún go háit eile ach níor cuireadh faoi choinneáil chosanta é.
Deirtear nár thug Robert O'Connor é féin le tuiscint go raibh eagla air roimh phríosúnaigh eile.
Creideann na Gardaí gur ordaíodh é a ionsaí mar gheall gur rugadh air agus é ar tí duine a lámhach, é sin nó mar gheall ar na fiacha drugaí a bhí ag an gcoirpeach mór le rá air.
Rinneadh scrúdú iarbháis ar chorp Robert O'Connor tráthnóna inniu.
Tá an marú á fhiosrú ag na Gardaí, ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus ag Oifig an Chigire Príosún.