Tá sé fógraithe ag an tiománaí rás gluaisteáin Fomula 1,Sebastian Vettel go bhfuil sé chun éirí as ag deireadh an tséasúir seo.
Bhí Vettel ina sheaimpín domhanda sa spóirt 4 bliana as a chéile idir 2010-13.
35 bliain d'aois atá an Gearmánach agus is ag tiomáint don fhoireann Aston Martin F1 atá sé faoi láthair.
Ba le Red Bull a bhuaigh sé na craobhacha domhanda agus bhí sé leis an bhfoireann Ferrari ina dhiaidh sin.
'Cúrsaí clainne' faoi ndear a chinneadh seasamh go leataobh ón spóirt.