Sna Stáit Aontaithe tá dlíodóirí an ghníomhaí de chuid na heite deise,Steve Bannon tar éis a thabhairt le fios go bhfuil siad le hachomharc a dhéanamh in aghaidh a chiontaithe.
Inné fuarthas Steve Bannon ciontach i 2 chúis bainteach le dimheas a léiriú do Theach na Comhdhála i Meiriceá.
Ciontaíodh an fear seo, a raibh dlúthbhaint aige le hiar-Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump sna cúiseanna gur dhiúltaigh sé fianaise nó cáipéisí a chur ar fáil do choiste roghnach i dTeach na nIonadaithe.
Baineann sé uilig leis an ruathar a tugadh faoi Theach na Parlaiminte i Washington in Eanáir anuraidh agus é curtha i leith lucht tacaíochta Donald Trump go ndearna siad iarracht toradh thoghchán na huachtaránachta a chur ar neamhní.