skip to main content

An táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá a deir an Rialtas ach an córas le leasú ó bhonn

An táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá a deir an Rialtas ach an córas le leasú ó bhonn
An táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá a deir an Rialtas ach an córas le leasú ó bhonn

Tá an táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá a deir an Rialtas ach tá an córas le leasú ó bhonn chun a chinntiú go mbeidh an córas níos cothroime, níos ábhartha agus níos inmharthana.

Déanadh an fógra seo agus tuarascáil maidir le Todchaí Choimsiún na Meán á fhoilsiú inniu.

Moltar sa tuarascáil go gcuirfí maoiniú státchiste ar fáil in áit an cheadúnais atá ann faoi láthair ach deir an Rialtas go gcoiméadfaidh siad an ceadúnas reatha chun ceangal díreach idir na Meáin agus an pobal ar a fhreastalaíonn siad a choimeád.

Tá 50 moladh ar fad sa tuarascáil agus deir an Rialtas go gcuirfidh siad 49 moladh i bhfeidhm.

Bunófar ciste nua maoinithe do na Meáin. Tacóidh an ciste seo le hearnáil na hiriseoireachta agus na meán ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus beidh sé seo ar fáil do na meáin chlóite, chraoltóireachta agus do na meáin a bhíonn ag foilsiú ar líne.

Beidh ról lárnach ag an rialtóir nua 'Coimisiún na Meán' maidir le caighdeáin san earnáil a leagan síos agus beidh maoiniú poiblí ag brath ar chomhlíonadh na gcaighdeán seo.

D'fháiltigh an Taoiseach, Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin roimh fhoilsiú thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus d’fhógair siad mórthionscnamh Rialtais chun tacú le hearnáil na meán in Éirinn.

Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, a bhunaigh an Rialtas i mí Mheán Fómhair 2020, moltaí a fhorbairt maidir le maoiniú poiblí inbhuanaithe agus tacaíochtaí eile chun a chinntiú go bhfanann na meáin in Éirinn inmharthana, neamhspleách agus in ann aidhmeanna seirbhíse poiblí a sheachadadh. Iarradh ar an gCoimisiún moltaí sonracha a dhéanamh maidir le maoiniú RTÉ chomh maith.

Ag labhairt tar éis chruinniú Rialtais níos luaithe inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Brian MacCraith agus le gach ball den Choimisiún um Thodhchaí na Meán as a ndúthracht agus a ndíograis i dtáirgeadh na tuarascála seo.

Léirigh an Coimisiún go bhfuil iriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán agus meán iolraíoch ríthábhachtach do dhaonlathas sláintiúil agus do chomhtháthú sóisialta.

Is athrú mór é an cinneadh a d’fhógair an Rialtas inniu an ceadúnas teilifíse a athchóiriú agus infheistíocht bhreise a dhíriú ar na meáin in Éirinn, do chraoltóirí seirbhíse poiblí agus do na meáin chlóite, ar líne agus chraolta tráchtála agus pobail araon.

Tá an Rialtas meáite ar gach is féidir linn a dhéanamh chun a chinntiú go leanann meáin na hÉireann ar aghaidh ag soláthar ábhar seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán ag leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.

Leag an Coimisiún um Thodhchaí na Meán bealach soiléir chun cinn amach, agus d’aontaigh an Rialtas i bprionsabal formhór mór mholtaí an Choimisiúin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm."

Ag cur fáilte roimh an tuarascáil, dúirt an Tánaiste Leo Varadkar:

"Cuideoidh an tuarascáil thábhachtach seo le todhchaí chraoladh seirbhíse poiblí in Éirinn a chinntiú. Rinneadh an cinneadh ceart chun an táille ceadúnais a choinneáil ach a athchóiriú. Cinntíonn sé sruth tiomnaithe agus níos seasmhaí maoinithe do chraoltóireacht na seirbhíse poiblí agus imfhálaíonn sé maoiniú don tseirbhís phoiblí. Tá an Ciste Meán ar cheann de na bearta is tábhachtaí agus cuirfidh sé chun cinn tuairisciú ar cheisteanna cultúrtha, míreanna nuachta, ar an leibhéal náisiúnta ach ar an leibhéal áitiúil chomh maith, ar ardáin thraidisiúnta agus ar ardáin ar líne freisin. Is ceann de na bearta is tábhachtaí ná níos mó éagsúlachta a chur chun cinn sa chraoltóireacht ag gach leibhéal, os comhair an cheamara agus sa chúlra.

Mar bhunchloch dár ndaonlathas, cuirtear de chúram ar chraoltóireacht seirbhíse poiblí a chinntiú go gcloistear níos mó ná guth amháin sa díospóireacht, agus go ndéantar ionadaíocht i gcónaí ar iolracht tuairimí. Déanann craoltóireacht na seirbhíse poiblí gach iarracht chun ardchaighdeáin neamhspleáchais agus cothromaíochta a bhaint amach agus is minic a éiríonn léi é sin a dhéanamh. Creidim go gcinnteoidh an Tuarascáil seo go n-éireoidh go maith le craoltóireacht na seirbhíse poiblí amach anseo."

Ag labhairt faoi thábhacht obair an Choimisiúin, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

"Ba é príomhaidhm an Choimisiúin ná scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart do na meáin freastal ar shochaí na hÉireann, cé chomh maith agus a shásaíonn an córas reatha na spriocanna sin agus cad iad na hathruithe ba chóir a dhéanamh chun na meáin in Éirinn a fheabhsú as seo amach. Rinne an Coimisiún sár-obair chun an tasc seo a chur i gcrích agus cuireann a thuarascáil bonn láidir ar fáil don Rialtas ar ar féidir linn a chinntiú anois go gcuirfear creat inbhuanaithe i bhfeidhm do na deich mbliana atá romhainn ar a laghad."

Tá 50 moladh san iomlán i dtuarascáil an Choimisiúin agus is clár oibre straitéiseach atá iontu chun earnáil meán na hÉireann a athrú ó bhonn. Glacann fógra an Rialtais inniu i bprionsabal 49 de na 50 moladh, agus molann sé cur chuige eile maidir le moladh an Choimisiúin ar mhúnla maoinithe nua."

Tá leasú agus feabhsú an cheadúnais teilifíse ríthábhachtach ar cheann de na moltaí is tábhachtaí sa Tuarascáil, córas nach bhfuil ag teacht le treochtaí athraitheacha in úsáid na meán faoi láthair agus nach bhfreastalaíonn ar riachtanais mhaoinithe iomlána na hearnála.

D'fhonn nasc díreach a choinneáil idir na meáin agus an pobal ar a bhfreastalaíonn siad, agus chun an riosca a bhaineann le bac polaitiúil a chuirtear nó a mheastar go gcuirtear ar neamhspleáchas na meán a laghdú, shocraigh an Rialtas go gcoimeádfar an ceadúnas teilifíse ach go ndéanfar athchóiriú air. Cuirfear tús láithreach leis an obair chun na hathruithe reachtaíochta agus riaracháin a leagan amach a theastaíonn chun a chinntiú go bhfuil an córas ceadúnais teilifíse níos cothroime, níos ábhartha agus níos inbhuanaithe. Beidh sé d’aidhm ag athchóiriú an cheadúnais teilifíse ailíniú le nósanna féachana athraitheacha, dul i ngleic le himghabháil, an córas bailithe agus íocaíochta a chuíchóiriú, agus ar an gcaoi sin leibhéal maoinithe níos inbhuanaithe a sholáthar don earnáil. Beidh trédhearcacht, cuntasacht agus maoirseacht mhéadaithe ag gabháil leis na socruithe nua maoinithe, agus beidh ról méadaithe ag Coimisiún na Meán agus NewERA.

Bunófar Ciste nua Meán chun tacú le hearnáil na meán agus na hiriseoireachta níos leithne ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, agus beidh na meáin chraolta, chlóite agus ar líne in ann cur isteach air. Ceadóidh an Ciste do thacaíochtaí a sholáthar ar bhonn ardán-neodrach, agus beifear in ann tacaíochtaí a dhíriú ar ábhar ar leith, amhail cultúr nó nuacht, nó réimsí a bhfuil gá ar leith leo, mar shampla ar leibhéal an phobail nó ar an leibhéal áitiúil.I measc na scéimeanna a moladh tá Tuairisciú Dhaonlathas Áitiúil, Tuairisciú Nuachta, Tuairisciú Cúirte, agus Meáin Phobail. Ina theannta sin, tá sé beartaithe tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh rochtain agus oiliúint na meán, agus le haghaidh claochlú digiteach. Beidh na scéimeanna nua seo sa bhreis ar na scéimeanna Fuaime agus Fise agus Cartlannaithe atá ann faoi láthair.

Moltar sa tuarascáil freisin roinnt gníomhartha suntasacha eile chun cabhrú le comhionannas, éagsúlacht, cuimsiú agus inbhuanaitheacht níos fearr a chinntiú in earnáil na meán. Beidh príomhról ag Coimisiún na Meán, an rialtóir nua, maidir le caighdeáin earnála a shocrú, agus beidh incháilitheacht do mhaoiniú poiblí ag brath ar chloí leis na caighdeáin sin. Mar an gcéanna, molann an Coimisiún go bhféadfaí caighdeáin inbhuanaitheachta comhshaoil a mheas mar chuid de chritéir incháilitheachta maoinithe amach anseo.

Ag labhairt faoi phleananna an Rialtais chun moltaí na Tuarascála a chur i bhfeidhm, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

"Ba phríomheilimint de chur chuige foriomlán an Rialtais sa réimse seo é an Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne a thabhairt ar aghaidh, agus go háirithe bunú an rialtóra nua meán, Coimisiún na Meán. Soláthróidh an Coimisiún an creat rialála agus forbartha chun tuarascáilan Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a chur i bhfeidhm, go háirithe ceapadh Choimisinéir Craolacháin agus Coimisinéir um Fhorbairt na Meán.

I measc na bpríomh-mholtaí sa tuarascáil, atá an Rialtas tiomanta a chur i bhfeidhm, tá tacaíocht mhéadaithe a sholáthar d’earnáil na meán níos leithne – ag leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Ó thacaíochtaí tiomnaithe do na meáin phobail go tacú le tuairisciú ar ábhair spéise áitiúla ar nós cúirteanna agus údaráis áitiúla, go feabhas a chur ar éagsúlacht laistigh den earnáil agus rochtain uirthi, is é an rud atáimid ag tabhairt faoi anois ná fíorchlaochlú ar thacaíocht mhaoinithe poiblí d’earnáil iomlán na meán. Creidim go bhfuil sé ríthábhachtach cuidiú leis na meáin ag gach leibhéal.

"Mar a moladh sa Tuarascáil, táimid tiomanta freisin d’athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí Gaeilge, agus scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna atá ann chun craolachán Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú ach go háirithe. Oibreoimid freisin lena chinntiú go gcuirfidh an infheistíocht mhéadaithe atáimid tiomanta di deiseanna níos fearr ar fáil don earnáil neamhspleách léiriúcháin ar fad, agus don earnáil chruthaitheach níos leithne."

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin, an tOllamh Brian MacCraith:

"Rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán measúnú cuimsitheach ar chóras meán na hÉireann, ar na dúshláin atá le sárú aige agus ar na deiseanna atá romhainn. Rinne an Coimisiún caoga moladh a léiríonn le chéile an bealach chuig todhchaí inbhuanaithe agus acmhainneach don earnáil maidir le haidhmeanna seirbhíse poiblí a sheachadadh thar na deich mbliana atá romhainn.

Is cúis áthais dom gur aontaigh an Rialtas beagnach gach moladh ón gCoimisiún a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm. Fáiltím roimh aitheantas an Rialtais do luach sochaíoch ábhar seirbhíse poiblí, agus a thiomantas chun tacú le heagraíochtaí meán poiblí, tráchtála agus pobail ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

Ar ndóigh, beidh tionchar fadtéarmach na tuarascála seo agus a moltaí ag brath go mór ar scála an mhaoinithe phoiblí d’earnáil na meán. Cé nach é an múnla maoinithe poiblí a mhol an Coimisiún an múnla a ghlac an Rialtas leis, tá sé ríthábhachtach go soláthródh aon mhúnla eile leibhéal tacaíochta maoinithe atá cosúil leis. Ba mhaith liom ómós a thabhairt do chomhaltaí an Choimisiúin, a chuir tuarascáil chuimsitheach a bhfuil tábhacht fhadtéarmach ag baint léi i dtoll a chéile mar thoradh ar a saineolas agus a dtiomantas."

Deir an tAire Catherine Martin go bhfuil siad chun grúpa oibre teicniúil a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe go bhféadfaí a dhéanamh ar an gcóras ceadúnais reatha.