Bhí na mílte ar shráideanna phríomhchathair na Seapáine, Tóiceo inniu chun ómós a thabhairt don iar-Phríomh-Aire Shinzo Abe a feallmharaíodh an tseachtain seo caite.

D'iompair cóiste marbh corp Abe trí an phríomhchathair go dtí halla na sochraide áit gur créamadh a chorp. Reáchtáladh sochraid phríobháideach ag Teampall Zojoji.

Lámhachadh agus maraíodh iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe agus é i mbun feachtasaíochta i gcathair Kashihara, in aice le Osaka an tseachtain seo caite.

Lámhachadh é le linn do a bheith ag tabhairt óráide ag slógadh polaitiúil sa chathair.

Cé go raibh lucht slándála ina fhochair, tháinig fear aniar óna chúl, tharraing gunna as mála agus scaoil dhá philéar leis.

Tugadh Shinzo Abe chun an ospidéil ach ní raibh aon bhiseach i ndán dó, agus bhásaigh sé ag 5 a chlog tráthnóna, am na Seapáine, cúig huaire an chloig go leith tar éis an ionsaithe. Bhí sé 67 bliain d'aois.

Tá fear 41 bliain d'aois fós á cheistiú maidir le bás an iar-Phríomh-Aire.