Lámhachadh agus maraíodh iar-Phríomh-Aire na Seapáine Shinzo Abe agus é i mbun feachtasaíochta i gcathair Kashihara, in aice le Osaka.

Lámhachadh Shinzo Abe agus é ag tabhairt óráide ag slógadh polaitiúil sa chathair.

Cé go raibh lucht slándála ina fhochair, tháinig fear aniar óna chúl, tharraing gunna as mála agus scaoil dhá philéar leis.

Tugadh Shinzo Abe chun an ospidéil ach ní raibh aon bhiseach i ndán dó, agus bhásaigh sé ag 5 a chlog tráthóna, am na Seapáine, cúig huaire an chloig go leith tar éis an ionsaithe. Bhí sé 67 bliain d'aois.

Scrúdú dlí-eolaíochta á dhéanamh ar an áit ar gabhadh an té a lámhach Shinzo Abe

Gabhadh an fear a lámhach Shinzo Abe go gairid i ndiaidh dó an gunna a scaoileadh.

Tuairiscítear gur fear 41 bliain atá ann agus gur iarchomhalta d'Fhórsa Cosanta Muirí na Seapáine é.

Tuigtear gur le gunna de dhéantús baile a chaith sé an t-iar-Phríomh-Aire.

Bhí Shinzo Abe ina Phríomh-Aire idir 2012 agus 2020, agus roimhe sin ar feadh tamaill ghairid idir 2006 agus 2007.

Polaiteoir fíorchaomhach a bhí ann a raibh col agus coimhthíos aige leis an tSín go háirithe.