Tá sé á mhaíomh ag an Rialtas go bhfuil tromlach infheidhme acu i gcónaí ainneoin go bhfuil an Teachta Dála Joe McHugh éirithe as páirtí parlaiminte Fhine Gael.

Tá 79 Teachta Dála ag an Rialtas anois, sin duine níos lú ná a theastaíonn le go mbeadh tromlach glan acu.

D'éirigh Joe McHugh as páirtí parlaiminte Fhine Gael tráthnóna inné tar éis dó vótáil in aghaidh bhille an Rialtais maidir le cúiteamh do dhaoine ar tógadh a dtithe le bloic lochtacha.

Is Teachta Dála Dhún na nGall é Joe McHugh agus tá na mílte daoine sa chontae sin ar tógadh a dtithe le bloic a bhfuil na mianraí míoca nó pirít iontu. Scoilteann ballaí agus tugann siad uathu de bharr na mianraí seo a bheith sna bloic.

Dúirt Joe McHugh go gcreideann sé go bhfuil an bille easnamhach agus nach leor a bhfuil ann mar chúiteamh.

Ina dhiaidh sin, ritheadh an bille nuair a vótáil 74 Teachta Dála ina fhabhar agus 69 ina choinne.

Dúirt ceannaire Fhine Gael, an Tánaiste Leo Varadkar, cé gur saoth leis cinneadh Joe McHugh vótáil in aghaidh an bhille gur chreid sé go mbeadh an Teachta McHugh ar aon iúl leis an Rialtas choíche feasta.

Ar a shon sin, tuigtear go bhfuil Sinn Féin ag cuimhneamh ar rún mímhuiníne sa Rialtas a chur os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn.