Tuairiscítear go bhfuil Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson chun éirí as a phost mar cheannaire Pháirtí Caomhach na Breataine tar éis do lear mór airí rialtais agus feisirí parlaiminte an pháirtí cúl a thabhairt dó.

De réir na tuairisce, fanfaidh Boris Johnson ina Phríomh-Aire go fóill, nó go gceapfar ceannaire nua ar an bPáirtí Caomhach.

Mar atá cúrsaí faoi láthair, ní tharlóidh sé sin go dtí go dtiocfaidh baill an pháirtí le chéile ag a gcomhdháil bhliantúil ar an 2 Deireadh Fómhair.

Tuigtear go bhfuil Boris Johnson le ráiteas a dhéanamh tráthnóna faoina bhfuil ar intinn aige, cé gur léir gur beag a chumhacht ar a chinniúint.

Tá tuilleadh airí éirithe as Rialtas na Breataine ar maidin de bhrí, a dúirt siad, nach bhfuil muinín acu as Boris Johnson níos mó. Tá Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis i measc na dtréigtheoirí is deireanaí seo.

Go deimhin, tá airí agus oifigigh rialtais ag tréigean an Phríomh-Aire as éadan le dhá lá agus áirítear barr ar leathchéad acu a bheith éirithe as a bpoist faoin tráth seo.

Is geall le clár fichille gan fhoireann Rialtas na Breataine faoi láthair agus níl sé soiléir cé na polaiteoirí atá i gceannas na rann éagsúil.

Chuaigh comhéirí na gCaomhach i neart tráthnóna inné nuair a d'achainigh airí sinsearacha ar Boris Johnson scaradh lena oifig - an Seansailéir Nadhim Zahawi ina measc. Bhí Nadhim Zahawi díreach ceaptha ina Sheansailéir ag Boris Johnson an oíche roimhe sin.

Baineann an scéal leis an bhfeisire parlaiminte Chris Pincher a d'éirigh as a chúram mar Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis a bheith ar bun aige agus é ar meisce.

Ceapadh é ina Leas-Phríomh-Aoire i mí Feabhra i mbliana ainneoin gur cuireadh in iúl do Boris Johnson ag an am agus chomh fada siar leis an mbliain 2019 go raibh mí-iompar curtha i leith Chris Pincher cheana.