Tá sé fógartha ag Grúpa Gníomh Míoca Dhún na nGall go bhfuil siad le páirtí polaitíochta a bhunú agus rún acu iarrthóirí a chur chun cinn sa chéad olltóghchán eile.

Dúirt Michael Doherty ón nGrúpa Gníomh go raibh tús curtha acu leis an bpróiseas agus go mbeidís ag líonadh na bhfoirmeacha cláraithe a fuair siad ón Oireachtas as seo go ceann cúpla lá.

Tá úinéirí tí míoca dubh dóite den scéal ar fad agus cé go bhfuil páirtithe freasúra ag déanamh a ndíchíll ar a son, arsa sé, ní bheidh aon rath ar a gcuid iarrachtaí mar go bhfuil an córas féin gan rath.

Tá Grúpa Gníomh Míoca Dhún na nGall ar cheann de chúig ghrúpa ionadaíochta a labhraíonn ar son daoine ar tógadh a dtithe le bloic agus brící lochtacha.

Tá na grúpaí sin ag achainí ar an Rialtas an bille maidir le scéim chúitimh a leasú sula n-achtófar é.

Tá an bille le cur os comhair na Dála inniu.

80 leasú ar an mbille atá ó na grúpaí éagsúla atá bunaithe i nDún na nGall, Sligeach, Maigh Eo, Co an Chláir agus Luimneach.

Baineann an scéal le tithe a tógadh le hábhar míoca agus piríte sna contaetha sin.

Mar le míoca de, súnn na brící uisce, déantar mionbhruar díobh dá bharr, scoilteann ballaí agus tugann siad uathu ar deireadh.