Thug Boris Johnson le fios nach raibh lá rúin aige éirí as mar Phríomh-Aire na Breataine ainneoin a chuid dílseánach sa Pháirtí Caomhach a bheith á thréigean ina nduine agus ina nduine.

I bparlaimint Westminster tráthnóna, dúirt Boris Johnson gur thug muintir na Breataine sainordú ábhalmhór dó san olltoghchán in 2019 [an tír a reáchtáil] agus - ina fhianaise sin - gur chóir dó leanacht ar aghaidh ainneoin é a bheith sa chúngach.

D'éirigh seisear airí eile agus roinnt cúntóirí airí as Rialtas na Breataine inniu de bhrí, a dúirt siad, nach raibh muinín acu a thuilleadh as an bPríomh-Aire.

Is iad Will Quince, Robin Walker, John Glen, Victoria Atkins, Jo Churchill agus Stuart Andrew an seisear airí a d'éirigh as.

Baineann an chonspóid leis an bhfeisire parlaiminte Chris Pincher a d'éirigh as a chúram mar Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis a bheith ar bun aige agus é ar meisce.

Tráthnóna inné, d'fhógair an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid go raibh siad ag éirí as a gcúraimí mar nach raibh siad sásta le ceannaireacht Boris Johnson i bhfianaise na conspóide is deireanaí seo.

I Westminster inniu, dúirt Sajid Javid gur éirigh sé as oifig mar gur chreid sé nach n-athródh Boris Johnson a bhéasa agus nach bhféadfadh sé glacadh ní ba mhó le cúrsaí mar a bhí.

Thug Sajid Javid le fios go raibh sé idir dhá thine Bhealtaine le cúpla mí cé acu prionsabal dílseacht nó ionracas ba mhó ba chás leis. Is é ionracas a roghnaigh sé ar deireadh, ar sé.

Mhaígh ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Keir Starmer, áfach, nach raibh oiread na fríde d'ionracas ag na hairí a d'éirigh as a gcúraimí le cúpla lá.

Ní de ghrá an ionracais a d'éirigh siad as, arsa Keir Starmer, ach is amhlaidh a thuig siad go raibh a rás rite.