Tá sé molta ag Comhchoiste Oireachtais treoirlínte reachtúla a thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana le dul i ngleic le dúshláin tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht mar nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair oiriúnach dá fheidhm, dar leo.

Deirtear i dtuarascáil nua ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go bhfuil "easpa eolais, rialála agus reachtaíochta" chomh maith le deacrachtaí ceannacháin agus pleánála ag fágáil stádas na Gaeltachta agus na Gaeilge i mbaol.

Sa tuarascáil atá feicthe ag 7Lá, déantar 22 moladh le dul i ngleic le dúshláin agus deacrachtaí a bhaineann le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht.

Is iad na baill den Chomhchoiste a dhréachtaigh na moltaí nua de réir eolais a chuir 44 toscaire os a gcomhair i gcruinnithe a eagraíodh idir mí na Samhna anuaraidh agus mí an Mhárta i mbliana.

Ionadaithe ó eagrais phobail, Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, ón Roinn Tithíochta agus ó Chomhairlí Contae a tháinig os comhair an Chomhchoiste.

Seo a leanas cuid de na moltaí atá sa tuarascáil:

- Tithe sóisialta aonair do phobal na Gaeltachta a thógáil ar a dtalamh féin nó ar thalamh a muintire;

- Bearta inacmhainneachta speisialta do chainteoirí Gaeilge a chuideodh leo tithe a cheannach nó a fhorbairt sa Ghaeltacht;

- Tithe a thiocfadh ar an margadh sa Ghaeltacht a cheannach agus a dhíol le daoine ar mian leo cur fúthu sa Ghaeltacht;

- Tithíocht shóisialta ach inacmhainne a chur ar fáil sa Ghaeltacht do dhaoine ar mian leo cur fúthu ann agus Gaeilge a labhairt go laethúil;

- Tús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge nuair atá tithe sóisialta sa Ghaeltacht á ndáileadh;

- Aird faoi leith a thabhairt ar an phátrún lonnaíochta traidisiúnta sa Ghaeltacht;

- Caighdeáin agus treoirlínte náisiúnta a leagan síos maidir le measúnú tionchair theanga.

Moltar sa tuarascáil chomh maith go mbeadh caibidil i ngach plean contae a dhíreodh ar an Ghaeltacht agus go leasódh an tAire Tithíochta na pleananna forbartha mura mbeidís sách láidir leis an Ghaeltacht a chosaint.

Seolfar an tuarascáil a bhfuil sé chaibidil déag inti amárach agus cuirfear í faoi bhráid an Oireachtais.

Iarrfar ar an Rialtas, ar an Aire Tithíochta agus ar na Comhairlí Contae moltaí na tuarascála a chur i gcion "a luaithe is féidir."

Tá ceithre chomhalta dhéag - lena n-áirítear naonúr Teachtaí Dála agus cúigear Seanadóirí - ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus is é Aengus Ó Snódaigh ó Shinn Féin an cathaoirleach.