Bhí cruinniú ag an Taoiseach Micheál Martin le hUachtarán na hUcráine Voldomyr Zelensky i bpríomhchathair na hÚcráine, Cív, inniu.

Gheall Micheál Martin don Uachtarán Zelensky go leanfadh Éire agus an tAontas Eorpach trí chéile, go leanfaidís orthu ag tacú leis an Úcráin in am an ghátair.

Tá an Taoiseach ar cuairt oifigiúil chun na hÚcráine ar chuireadh an Uachtaráin Zelensky.

Chaith Micheál Martin seal ar maidin i mbaile Borodyanka siar ó thuaidh ó Chív.

An Taoiseach Micheál Martin i mbaile Borodyanka

Thuairgneáil na Rúisigh an baile go tréan nuair a rinne siad ionradh ar an Úcráin ceithre mhí ó shin.

Bhí rún ag na Rúisigh ag an am dul chomh fada le Cív agus rinne siad an-damáiste do bhonneagar Borodyanka sular tharraing siad siar.

Chonaic an Taoiseach a bhfuil fanta den droichead in aice le haerfort Hostomel, chomh maith le trádstórais, ionaid siopadóireachta agus stáisiúin pheitril a ndearnadh múr díobh de bharr na buamála.

Thug méara na cathrach an Taoiseach go bloc árasán a dódh agus nach bhféadfadh daoine cónaí ann arís.

An Taoiseach Micheál Martin i mbaile Bucha

Soir ó dheas go baile Bucha leis an Taoiseach ina dhiaidh sin, áit ar mharaigh fórsaí Rúiseacha na céadta sibhialtach i dtús an Mhárta, de réir tuairiscí. Chonaic sé an olluaigh ina bhfuil go leor de daoine sin adhlactha.

As sin, chuaigh Micheál Martin go baile Irpin, mar a a bhfaca sé tuilleadh damáiste fós, sular thug sé aghaidh ar Chív.