Tá aire eile agus cuntóir aire éirithe as Rialtas na Breataine de bhrí, a deir siad, nach bhfuil muinín acu a thuilleadh as an bPríomh-Aire Boris Johnson.

Sin iad Will Quince a bhí ina Aire Gnóthaí Leanaí agus Teaghlach agus Laura Trott a bhí ag obair sa Roinn Iompair.

Thairg an tAire Scoileanna Robin Walker éirí as chomh maith ach níl sé deimhnithe fós ar glacadh lena thairiscint.

Tráthnóna inné, d'fhógair an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid go raibh siad ag éirí as a gcúraimí mar nach raibh siad sásta le ceannaireacht Boris Johnson.

Baineann an scéal leis an bhfeisire parlaiminte Chris Pincher a d'éirigh as a chúram mar Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis a bheith ar bun aige agus é ar meisce.

Ceapadh é ina Leas-Phríomh-Aoire i mí Feabhra i mbliana ainneoin gur cuireadh in iúl do Boris Johnson ag an am agus chomh fada siar leis an mbliain 2019 go raibh mí-iompar curtha i leith Chris Pincher cheana.

Thug Will Quince le fios inniu go raibh sé thar a bheith míshásta gur iarradh airsean Boris Johnson a chosaint sna meáin an tseachtain seo caite cé nach raibh an scéal iomlán ar eolas aige.

Ar a shon sin ar fad, tuigtear go bhfuil neart airí sinsearacha eile sásta tacú le Boris Johnson go fóill, leithéidí Dominic Raab, Liz Truss, Michael Gove, Therese Coffey agus Ben Wallace.

Tá Boris Johnson le cur i gceapa i bparlaimint Westminster tráthnóna nuair a dhiancheisteos feisirí ó gach aon pháirtí é faoin gconspóid is deireanaí.

Ní inseoidh ach an aimsir an bhfuil an eochair cheart aige le hé féin a fhuascailt.