D'fhógair an Rialtas inniu go bhfuil Garda Síochána sinsearach le ceapadh ina Oifigeach Idirchaidrimh i bpríomhchathair Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Abú Daibí, áit a bhfuil ceannairí dhrong coireachta Kinahan bunaithe.

Tá sócmhainní lucht Kinahan reoite ag Rialtas Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus tá smachtbhannaí idirnáisiúnta curtha orthu ag Rialtas na Stát Aontaithe.

Tá ceannairí an ghrúpa ina gcónaí i gcathair Dubai, i gceann de na héimíríochtaí.

Fógraíodh inniu freisin go gcuirfear le hacmhainní na nGardaí in oirdheisceart na hÁise agus go bhfuil Oifigeach Idirchaidrimh breise le ceapadh ag na Gardaí sna Stáit Aontaithe.

Téann Oifigigh Idirchaidrimh na nGardaí i gcomhar le póilíní i dtíortha iasachta le gníomhaíochtaí dhronga coireachta eagraithe de bhunadh na tíre seo a fhiosrú le súil iad a thabhairt os comhair cúirte.

Tá sáirsintí, cigirí agus ceannfoirt de chuid an Gharda Síochána ag obair faoi láthair i sé cinn de phríomhchathracha iasachta, mar atá, Maidrid, Páras, Londain, an Háig, Washington agus Bogotá.

Tugadh le fios inniu freisin go mbeidh beirt Ghardaí ag obair i gcomhar le póilíní in ionaid turasóireachta sa Fhrainc as seo go deireadh an tsamraidh.

Rachaidh na Gardaí ar patról i bhfochair póilíní áitiúla agus cuideoidh siad leo cásanna a bhaineann le saoránaigh na hÉireann a láimhseáil.

Tá obair den sórt seo ar bun cheana féin ag Gardaí sa Ghearmáin, san Ísiltír agus sa Spáinn.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inniu gur gá acmhainní breise idirnáisiúnta a chur ar fáil do na Gardaí ó tá an choireacht eagraithe féin idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta.

Chuir Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris fáilte roimh an scéala agus dúirt gur tábhachtaí anois ná riamh comhchaidreamh idir phóilíní i dtíortha éagsúla.