D'fhógair an Rialtas tráthnóna go bhfuil an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain le méadú €100 an páiste ó mhí Lúnasa.

€160 an páiste atá sa liúntas seo faoi láthair i gcás páistí idir cheithre bliana agus aon bhliain déag, agus €285 i gcás páistí os cionn aon bhliain déag.

Fógraíodh chomh maith go gcuirfear táillí iompair scoile ar fionraí ar feadh bliana.

Ina cheann sin, fógraíodh go bhfuil Clár na mBéilí Scoile le leathnú agus ceaptar go mbeidh 60,000 páiste breise i dteideal béile scoile saor in aisce dá bharr.

Bhí na beartais seo á bplé ag na hAirí Caiteachais Phoiblí, Oideachais agus Coimirce Sóisialaí le cúpla lá.

Meastar go gcosnóidh siad thart ar €47 milliún.

Sular fógraíodh na beartais seo tráthnóna, dúirt an Tánaiste Leo Varadkar i nDáil Éireann nár cuireadh an t-ardú as cuimse ar an ráta boilscithe san áireamh nuair a d'fhógair an Rialtas ardú ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt níos túisce i mbliana.

Ag tabhairt freagra a bhí sé ar cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a dúirt nach raibh sé d'acmhainn ag daoine fanacht trí seachtaine déag eile le cúnamh airgeadais a fháil ón Rialtas.

Íoctar an an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt ag deireadh Mheán Fómhair agus d'aontaigh Leo Varadkar le Mary Lou McDonald go bhfuil sé sin ródhéanach.

Thug Mary Lou McDonald le fios freisin go bhfuil Sinn Féin ag moladh an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt a chur ar fáil feasta do thart ar leathmhilliún teaghlach atá ar meánioncam chomh maith le daoine atá ar ioncam íseal.

Mhaígh comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Róisín Shortall go raibh an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt níos airde cúig bliana déag ó shin ná atá faoi láthair.

Dúirt sí chomh maith go ndeachaigh 25% de theaghlaigh i bhfiacha le go mbeidís in ann costais scoile a íoc i mí Lúnasa anuraidh.