Tá an Taoiseach Micheál Martin le cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, amárach. Is é an chéad chuairt oifigiúil ag aon Taoiseach ar an Úcráin é.

Tuigtear gur fhág Micheál Martin an tír seo inniu agus go bhfuil sé in oirthear na hEorpa cheana féin.

Ba é Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky a thug cuireadh don Taoiseach i gcomhrá teileafóin coicís ó shin teacht ar cuairt chuig an tír.

Ghabh an tUachtarán Zelensky buíochas leis an Taoiseach le linn an chomhrá as an tacaíocht a thug Rialtas na hÉireann d'iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Tá cuairt tugtha le deireanas ag ceannairí na Breataine, na Fraince agus na Gearmáine ar Chív agus ar an gceantar máguaird le dlúthpháirtíocht leis an Úcráin a léiriú os comhair an tsaoil agus le go bhfeicfidís lena dhá súil féin cuid den scrios atá déanta ag an gcogaíocht ar an tír.

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney cuairt ar an Ucráin san Aibreán. Chuaigh sé go dtí baile Bucha in aice le Cív, mar ar mharaigh fórsaí Rúiseacha na céadta sibhialtach i dtús an Mhárta, de réir tuairiscí.

An tseachtain roimh chuairt Simon Coveney ar an Úcráin, thug Volodymyr Zelensky aitheasc stairiúil don Oireachtas ar nasc físe.

Thapaigh an tUachtarán Zelensky an deis ina óráid le buíochas a ghabháil le muintir na hÉireann as tacú le smachtbhannaí a chur ar an Rúis, as tacaíocht daonnachta agus airgeadais a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine, agus as tearmann a thabhairt do dhídeanaithe a theith ón gcogaíocht.