Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas ciontach fear 31 bliain d'aois i bhfear 22 bliain a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath trí bliana ó shin.

Lámhachadh agus maraíodh Jordan Davis in aice le hionad pobail agus scoil i nDarndál i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an 22 Bealtaine 2019.

Bhí sé ag brú bugaí a raibh a mhac ceithre mhí d'aois ann nuair a d'ionsaigh fear ar rothar é. Scaoil an fear ocht bpiléar leis agus bhuail trí cinn acu é.

Phléadáil Wayne Cooney, as Céide Ghleann Seáin i dTamhlacht, neamhchiontach i ndúnmharú Jordan Davis ach chiontaigh an giúiré inniu é tar éis dóibh trí huaire a chloig agus trí nóiméad déag a chaitheamh ag déanamh a a marana ar an gcás.

Wayne Cooney (Pic: Paddy Cummins)

Ciontaíodh é chomh maith i bpiostal leath-uathoibríoch agus armlón a bheith ina sheilbh aige.

Dúradh sa triail gur aighneas faoi airgead a bhain le mangaireacht drugaí ba bhun leis an marú.

Gearrfar pionós ar Wayne Cooney Dé hAoine seo chugainn.