Taispeánann Ráiteas Eacnamaíochta Samhraidh an Rialtais go mbeidh luach €6.7bn de bheartais caiteachais agus cánach sa Bhuiséad atá romainn amach.

An 27 Meán Fómhair a fhógrófar Buiséad 2023, coicís níos luaithe ná mar a bhí beartaithe, agus beidh €5.65bn de chaiteachas agus luach beagán le cois €1bn i mbeartais cánach ann.

Ardóidh caiteachas de 6.5% an bhliain seo chugainn, de réir an Ráitis, ardú 'sealadach agus aon uaire' a sháraíónn teorainn 5% an Rialtais féin.

Cuirfear €3bn den iomlán i dtreo an leibhéal seirbhísí poiblí a choinneáil mar atá, rud a fhágfaidh luach €3.7bn de chinní a fhógrófar ar an lá féín.

Cuirfear €4.5bn eile i dtreo Covid-19 agus tacaíochtr do na daoine as an Úcráín a theith anseo ón gcogadh.

Tá an treisiú seo chun dul in aghaidh bhoilsciú 9.6%, bunaithe i bpáirt ar an ioncam láidir ó chánacha corparáideacha don státchiste.

Tá an t-ioncam seo €3bn nó 53% níos airde ná sa tréimhse leathbhliana céanna anuraidh.

Fiú agus an caiteachas breise seo san áireamh, tá súil go mbeidh farasbarr €2bn sa státchiste ag deireadh na bliana seo agus ag deireadh 2023.

Dá uireasa an t-ioncam láidir seo, is cinnte go mbeadh fiacha suntasacha ann.

Teist ar neart agus theacht aniar an gheilleagair náisiúnta é an seasamh láidir cánach seo, dar leis an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe.

Duirt an Taoiseach go bhfaigheadh an Rialtas an coimheá ceart sa Bhuiséad agus gur beartais inmharthana a bheadh ann.